Leabhráin an Irisleabhair--III | Page 5

An tAthair Pádraig Ó Duinnín
coinneal i láimh gach duine aca, faghthar
aon bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar coinneal i láimh dhuine
éigin léi, druideann an duine sin a choinneal ar lasadh chum coinle a
chomhursan, & lasann a choinneal; lasann siúd coinneal an té bhíonn le
n-ais, agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine do duine, agus is gearr
an mhoill go bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na heaglaise go
lonnrach agus ag cur compórd is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin
a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile, cuirtear aon scoil amháin
ar bun; lastar an choinneal bheag amháin, agus is gearr le congnamh Dé
go mbeidh blaodhm soluis ag éirghe ó chúig áirdibh na hÉireann ná
múchfar go deó na ndeór. Is mithid dúinn tosnughadh. Is cuma cá
gcuirfear an scoil sin ar bun--i nDún na nGall, i gConntae na Gaillimhe
nó i gCiarraidhe. Acht ó's Ciarraidheach Conán Maol, ó's Ciarraidheach
"Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach mé féin, agus nuair ná fuil aon
chríoch ná Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is dóigh liom gur
fearra dhúinn tosnughadh le Ciarraidhe--áit éigin thiar an fad i mBaile
an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann Beithe. B'fhearr liom aon
scoil fíor-Ghaedhealach amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear airgead do
sholáthar acht ní dóigh liom go bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a
bhfuil siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras ná go dtabharfaidh an
Árd-fheis congnamh dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair.
Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir mo thuairime níor rinneadh
obair riamh ar son ár dteangan níos fearr 'ná an obair do cheap Conán

Maol.
PÁDRAIG UA DUINNÍN.

IV. CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA, A UAISLE.
Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal, ní raibh námhaid ba mhó
agam ná bairile. Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún máighistir a bhí
againn, ní raibh oiread mo dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, & rud ba
mheasa na soin, slat chomh fada le slat Mhaoise. "Anois" adeireadh sé,
agus é ag rástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na slaite ar tí na súl a
bhaint asainn, "tá bairile áirithe ann agus dhá pholl ann--poll 'n-a bhun
agus poll 'n-a bharr, agus dhá corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán
d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc thíos do bheadh an bairile
follamh i gcionn deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh & go leogfá
uisce isteach ann tríd an bpoll thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá
nóimit déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an bairile lán, agus go
dtarraiceoghthá an dá chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i
n-dísc?"
Is ar an gceist seo do chuimhnigheas an lá fé dheireadh nuair chonnac
aiste Chonáin Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh. Mar is
solaoid d'Éirinn an bairile úd. Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg--cnuasach
saothair intinne ár sinsear romhainn. Annsoin, do tháinig an fealltóir
Sasannaigh, & do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus siúd an
t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a
bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall locháin ar thaobh sráide
glagair, ag rinnce & ag bualadh bas le spórt nuair choncamair na caisí
geala ag gabháil síos, agus do rop cuid againn ár méaranna sa pholl ghá
fhairsingiughadh i gcás go mbeadh tuile níos mó againn.
Sul a raibh an tubaist ar fad déanta againn do tháinig fir chalma
Chonnradh na Gaedhilge d'ár gcose. D'éis aghaidh béil a thabhairt
orainne do chuadar ag stop an phuill. Acht níor leog an Sasannach
dóibh é.

"Pé nídh is mar a dheineann an Bairile," ar sé, "is liom-sa an poll soin,
agus ní leómhthaidh sibh barra méire a leogaint air."
"Déinimís poll i gceann an bhairilie" arsa na fir, "agus cuirimís
tuilleadh uachtair ann."
Do déanadh mar sin, agus do chuireadar fios ar uachtar ar fuid na tíre le
cur 'sa' bhairile; acht, foríor! tá uachtar gann i nÉirinn anois. Cuireadh
stranncán maith ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh, cuid ó
Chiaraidhe. Do chuir an tAthair Peadar tuna uaidh féin chúcha; agus do
bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín dóibh thall 'sa abhus i dTír
Chonaill. 'N-a n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil aca acht an
bainne géar, an lionn caol, & an bhláthach. Ní ag lochtughadh na
ndaoine n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go toilteanach é, &
ní raibh a mhalairt aca.
Tá atharrach scéil le tamall againn, agus ó tá is dóigh liom-sa nár
mhisde dhúinn a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an bairile
fúinn féin. Nach mithid dúinn an corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i
mbairile ag an máighistir úd a bhí orm-sa, agus déarfadh sé ná tiucfadh
leis an nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe a leogaint
Continue reading on your phone by scaning this QR Code

 / 10
Tip: The current page has been bookmarked automatically. If you wish to continue reading later, just open the Dertz Homepage, and click on the 'continue reading' link at the bottom of the page.